Samhain, Issue 1, October 1901
Part 3
MÁIRE--Bhí sé ag taisteal na tíre, agus chualaidh sé go raibh damhsa le bheith ann so, agus tháinig sé asteach, mar bhí eólas aige orrainn,--bhí sé mór go leór le mo chéad-fhear. Is iongantach mar tá sé ag déanamh amach a shlighe-bheatha, chor ar bith, agus gan aige acht a chuid abhrán. Deir siad nach bhfuil áit a rachaidh sé nach dtugann na mná grádh, agus nach dtugann na fir fuath dhó.
SÍGHLE [_ag breith ar ghualainn Mháire_]--Iompuigh do cheann, a Mháire, feuch é anois; é féin agus d’ inghean-sa, agus a gcinn le chéile. Tá sé tar éis abhráin do dhéanamh dí, agus tá sé dh’á mhúnadh dhí ag cogarnuigh in a cluais. Óra, an bitheamhnach! béidh sé ag cur a chuid pistreóg ar Úna anois.
MÁIRE--Och ón! go deó! Nach mí-ádhamhail tháinig sé! Tá sé ag caint le Úna h-uile mhóimid ó tháinig sé asteach, trí uaire ó shoin. Rinne mé mo dhithchioll le n-a sgaradh ó chéile, acht theip sé orm. Tá Úna bhocht tugtha do h-uile shórt sean-abhrán agus sean-ráiméis de sgéaltaibh, agus is binn leis an gcréatúir bheith ag éisteacht leis, mar tá béal aige sin do bhréagfadh an smólach de’n chraoibh. Tá’s agad go bhfuil an pósadh réidhte socruighthe idir Úna agus Séamas O h-Iarainn ann sin, ráithe ó’n lá indiú. Feuch Séamus bocht ag an dorus agus é ag faire orra. Tá brón agus ceannfaoi air. Is furus a fheicsint go mbudh mhaith le Séamus an sgraisde sin do thachtadh an móimid seo. Tá faitchios mór orm go mbéidh an ceann iompuighthe ar Úna le n-a chuid bhladaireacht. Chomh cinnte a’s tá mé beó, tiucfaidh olc as an oidhche seo.
SÍGHLE--Agus nach bhféadfá a chur amach?
MÁIRE--D’fhéadfainn; ní’l duine ann so do chuideóchadh leis, muna mbeith bean no dó. Acht is file mór é, agus tá mallacht aige do sgoiltfeadh na crainn agus do réabfadh na clocha. Deir siad go lobhthann an síol in san talamh, agus go n-imthigheann a gcuid bhainne ó na bath nuair thugann file mar é sin a mhallacht dóibh, má ruaigeann duine as an teach é. Acht dá mbeith sé amuigh, mise mo bhannuidhe nach leigfinn asteach arís é.
SÍGHLE.--Dá rachadh sé féin amach go toileamhail, ní bheith aon bhrigh in a chuid mhallacht ann sin?
MÁIRE--Ní bheith. Acht ní rachaidh sé amach go toileamhail, agus ní thig liom-sa a ruagadh amach ar eagla a mhallacht.
SÍGHLE--Feuch Séamus bocht. Tá sé dul anonn go h-Úna.
[_Éirigheann Séamus ⁊ téidheann sé go h-Úna._]
SÉAMUS--An ndamhsóchaidh tú an ríl seo liom-sa, a Úna, nuair bhéidheas an píobaire réidh.
MAC UI h-ANN. [_ag éirghe_]--Is mise Tomás O h-Annracháin, agus tá mé ag labhairt le Úna Ní Ríogáin anois, agus chomh fad agus bhéidheas fonn uirre-se bheith ag caint liom-sa ní leigfidh mé d’aon dhuine eile do theacht eadrainn.
SÉAMUS [_gan aire ar Mac Ui h-Annracháin_]--Nach ndamhsóchaidh tú liom, a Úna?
MAC UI h-ANN. [_go fíochmhar_]--Nár dhubhairt mé leat anois gur liom-sa do bhí Úna Ní Ríogáin ag caint? Imthigh leat ar an móimid, a bhodaigh, agus ná tóg clampar ann so.
SÉAMUS--A Úna----
MAC UI h-ANN. [_ag béicil_]--Fág sin!
[_Imthigheann Séamas agus tig sé go dtí an bheirt shean-mhnaoi._]
SÉAMUS--A Mháire Ní Ríogáin, tá mé ag iarraidh cead ort-sa an sgraiste mí-ádhamhail meisgeamhail sin do chaitheamh amach as an tigh. Má leigeann tú dham, cuirfidh mise agus mo bheirt dhearbhráthar amach é, agus nuair bhéidheas sé amuigh sochróchaidh mise leis.
MÁIRE--O! a Shéamais, ná déan. Tá faitchios orm roimhe. Tá mallacht aige sin do sgoiltfeadh na crainn, deir siad.
SÉAMUS--Is cuma liom má tá mallacht aige do leagfadh na spéartha. Is orm-sa tuitfidh sé, agus cuirim mo dhúbhshlán faoi. Dá marbhóchadh sé mé ar an móimid ní leigfidh mé dhó a chuid phistreóg do chur ar Úna. A Mháire, tabhair ’m cead.
SÍGHLE--Ná déan sin, a Shéamuis, tá cómhairle níos fearr ’ná sin agam-sa.
SÉAMUS--Cia an chómhairle í sin?
SÍGHLE--Tá slighe in mo cheann agam le n-a chur amach. Má leanann sibh-se mo chómhairle-se rachaidh se féin amach chomh socair le uan, d’á thoil féin, agus nuair gheobhaidh sibh amuigh é, buailidh an dorus air, agus ná leigidh asteach arís go bráth é.
MÁIRE--Rath ó Dhia ort, agus innis dam cad é tá in do cheann.
SÍGHLE--Déanfamaoid é chomh deas agus chomh simplidhe agus chonnaic tú ariamh. Cuirfimid é ag casadh sugáin go bhfuighimid amuigh é, agus buailfimid an dorus air ann sin.
MÁIRE--Is forus a rádh, acht ní forus a dhéanamh. Déarfaidh sé leat “déan sugán, thú féin.”
SÍGHLE--Déarfamaoid, ann sin, nach bhfacaidh duine ar bith ann so sugán féir ariamh, nach bhfuil duine ar bith an san tigh ar féidir leis ceann aca dhéanamh.
SÉAMUS--Acht an gcreidfidh sé rud mar sin--nach bhfacamar sugán riamh?
SÍGHLE--An gcreidfidh sé, an eadh? Creidfidh sé rud ar bith chreidfeadh sé go raibh sé féin ’na righ ar Éirinn nuair bhfuil glaine ólta aige, mar atá anois.
SÉAMUS--Acht cad é an croiceann chuirfeas sinn ar an mbréig seo,--go bhfuil sugán féir ag teastál uainn?
MÁIRE--Smuaín ar chroicionn do chur air sin, a Shéamus.
SÉAMUS--Déarfaidh mé go bhfuil an ghaoth ag eirighe agus go bhfuil cúmhdach an tighe d’á sguabadh leis an stoirm, agus go gcaithfimid sugán tharraingt air.
MÁIRE--Acht má éisteann sé ag an dorus béidh fhios aige nach bhfuil gaoth ná stoirm ann. Smuaín ar chroicionn eile, a Shéamuis.
SÍGHLE--’Nois, tá an chómhairle cheart agam-sa. Abair go bhfuil cóiste leagtha ag bonn an chnuic, agus go bhfuil siad ag iarraidh sugáin leis an gcóiste do leasughadh. Ní fheicfidh sé chomh fada sin ó’n dorus, agus ní bhéidh fhios aige nach fíor é.
MÁIRE--Sin é an sgéal, a Shíghle. ’Nois, a Shéamuis, gabh imeasg na ndaoine agus leig an rún leó. Innis dóibh cad tá aca le rádh--nach bhfacaidh duine ar bith san tír seo sugán féir riamh--agus cuir croicionn maith ar an mbréig, thú féin.
[_Imthigheann Séamus ó dhuine go duine ag cogarnaigh leó. Tosaigheann cuid aca ag gáire. Tagann an píobaire agus tosuigheann sé ag seinm. Éirigheann trí no ceathrar de chúplachaibh, agus tosuigheann siad ag damhsa. Imthigheann Séamas amach._]
MAC UI h-ANN. [_ag éirighe tar éis a bheith ag féachaint orra ar feadh cúpla móimid_]--Psuit! stopagaidh! An dtugann sibh damhsa ar an strapaireacht sin! Tá sibh ag bualadh an urláir mar bheith an oiread sin d’eallach. Tá sibh chomh trom lé bulláin, agus chomh ciotach le asail. Go dtachtar mo phíobán dá mb’fhearr liom bheith ag féachaint orraibh ’ná ar an oiread sin lachain bacach, ag léimnigh ar fud an tigh ar leath-chois! Fágaidh an t-urlár fá Úna Ní Ríogáin agus fúm-sa.
FEAR [_atá dul ag damhsa_]--Agus cad fáth a bhfágfamaois an t-urlár fút-sa?
MAC UI h-ANN.--Tá an eala ar bhruach na toinne, tá an Phoénics Ríoghdha, tá péarla an bhrollaigh bháin, tá an Bhénus ameasg na mban, tá Úna Ní Ríogáin ag seasamh suas liom-sa, agus áit ar bith a n-éirigheann sise suas úmhluigheann an ghealach agus an ghrian féin dí, agus úmhlóchaidh sibh-se. Tá sí ró áluinn agus ró spéireamhail le h-aon bhean eile do bheith ’na h-aice. Acht fan go fóil, sul thaisbeánaim daoibh mar gnidheann an buachaill breágh Connachtach rinnce, déarfaidh mé an t-abhrán daoibh do rinne mé do Reult Chúige Múmhan--d’Úna ní Ríogáin. Éirigh, a ghrian na mban, agus déarfamaoid an t-abhrán le chéile, gach le bhéarsa, agus ann sin múinfimid dóibh cad é is rinnce fíreannach ann.
[_Eirigheann siad ⁊ gabhaid abhrán_].
MAC UI h-ANN.
’Sí Úna bhán, na gruaige buidhe, An chúilfhionn ’chrádh in mo lár mo chroidhe, Is ise mo rún, ’s mo chumann go buan, Is cuma liom choidhche bean acht í.
ÚNA.
A bháird na súile duibhe, is tú Fuair buaidh in san saoghal a’s clú, Goirim do bhéal, a’s molaim thú féin, Do chuiris mo chroidhe in mo chléibh amúgh.
MAC UI h-ANN.
’Sí Úna bhán na gruaige óir, Mo shearc, mo chumann, mo ghrádh, mo stór. Rachaidh sí féin le n-a bárd i gcéin, Do loit sí a chroidhe in a chléibh go mór.
ÚNA.
Níor bhfhada oidhche liom, ná lá, Ag éisteacht le do chómhrádh breágh. Is binne do bhéal ná seinm na n-éan, Óm’ chroidhe in mo chléibh do fuairis grádh.
MAC UI h-ANN.
Do shiúbhail mé féin an domhan iomlán, Sacsana, Éire, an Fhrainc ’s an Spáin, Ní fhacaidh mé féin i mbaile ná’ ’gcéin Aon ainnir fa’n ngréin mar Úna bhán.
ÚNA.
Do chualaidh mise an chláirseach bhinn San tsráid sin Chorcaigh, ag seinm linn, Is binne go mór liom féin do ghlór, Is binne go mór do bhéal ’ná sin.
MAC UI h-ANN.
Do bhí mé féin mo chadhan bocht, tráth, Níor léir dham oidhche thar an lá, Go bhfacaidh mé í, do ghoid mo chroidhe, A’s do dhíbir dhíom mo bhrón ’s mo chrádh.
ÚNA.
Do bhí mé féin ar maidin indé Ag siúbhal cois coille le fáinne an laé, Bhí eun ann sin ag seinm go binn, “Mo ghrádh-sa an grádh, a’s nach áluinn é!”
[_Glaodh agus torann, agus buaileann Séamus O h-Iarainn an dorus asteach_].
SÉAMUS--Ob ob ú, och on í ó, go deó! Tá an cóiste mór leagtha ag bonn an chnuic. Tá an mála a bhfuil litreacha na tíre ann pléasgtha, agus ní’l sreang ná téad ná rópa ná dadaidh aca le na cheangailt arís. Tá siad ag glaodhach amach anois ar sugán féir do dhéanamh dóibh--cibé sórt ruid é sin--agus deir siad go mbéidh na litreacha ⁊ an cóiste caillte ar easbhuidh sugáin féir le n-a gceangailt.
MAC UI h-ANN--Na bí ’g ár mbodhrughadh! Tá ár n-abhrán ráidhte againn, agus anois támaoid dul ag damhsa. Ní thagann an cóiste an bealach sin ar aon chor.
SÉAMUS--Tagann sé an bealach sin anois--acht is dóigh gur strainséar thusa, agus nach bhfuil eólas agad air. Nach dtagann an cóiste thar an gcnoc anois a chómharsanna?
IAD UILE--Tagann, tagann go cinnte.
MAC UI h-ANN.--Is cuma liom, má thagann no muna dtagann. Acht b’fearr liom fiche cóiste bheith briste ar an mbóthar ná go gcuirfeá Péarla an bhrollaigh bháin ó dhamhsa dúinn. Abair leis an gcóisteóir rópa do chasadh dhó féin.
SÉAMUS--O murder, ní thig leis, tá an oiread sin de fuinneamh agus de theas agus de shpreacadh agus de lúth in sna caplaibh aigeanta sin go gcaithidh mo chóisteór bocht breith ar a gcinn. Is ar éigin-báis is féidir leis a gceapadh ná a gcongbháil. Tá faitchios a anam’ air go n-eireóchaidh siad in a mhullach, agus go n-imtheóchaidh siad uaidh de ruaig. Tá h-uile sheitreach asta, ní fhacaidh tú riamh a leithéid de chaplaibh fiadháine!
MAC UI h-ANN.--Má tá, tá daoine eile ins an gcóiste a dhéanfas rópa má’s éigin do’n chóisteóir bheith ag ceann na gcapall: fág sin agus leig dúinn damhsa.
SÉAMUS--Tá; tá triúr eile ann, acht maidir le ceann aca, tá sé ar leath-láimh, agus fear eile aca,--tá sé ag crith agus ag crathadh leis an sgannradh fuair sé, ní thig leis seasamh ar a dhá chois leis an eagla atá air; agus maidir leis an tríomhadh fear ní’l duine ar bith sin tír do leigfeadh an focal sin “rópa” as a bheul in a fhiadhnuise, mar nach le rópa do chrochadh a athair féin anurraigh, mar gheall ar chaoirigh do ghoid.
MAC UI h-ANN.--Casadh fear agaibh féin sugán dó, mar sin, agus fágaidh an t-urlár fúinn. [_Le Úna._] ’Nois, a réilt na mban, taisbeán dóibh mar imthigheann Iúnó imeasg na ndéithe, no Helen fá’r sgriosadh an Traoi Dar mo láimh, ó d’éag Déirdre, fá’r cuireadh Naoise mac Uisneach chum báis, ní’l a hoidhre i nÉirinn indiú acht thu féin. Tosóchamaoid.
SÉAMUS--Ná tosaigh, go mbéidh an sugán againn. Ní thig linn-ne sugán chasadh. Ní’l duine ar bith annso ar féidir leis rópa do dhéanamh!
MAC UI h-ANN--Ní’l duine ar bith ann so ar féidir leis rópa dhéanamh!!
IAD UILE--Ní’l.
SÍGHLE--Agus is fíor dhaoibh sin. Ní dhearnaidh duine ar bith ins an tír seo sugán féir ariamh, ní mheasaim go bhfuil duine in san tigh seo do chonnaic ceann aca, féin, acht mise. Is maith cuimhnighim-se, nuair nach raibh ionnam acht girseach bheag go bhfacaidh mé ceann aca ar ghabhar do rug mo shean-athair leis as Chonnachtaibh. Bhíodh na daoine uile ag rádh, “ara! cia ’n sórt ruid é sin chor ar bith?” agus dubhairt seisean gur sugán do bhí ann, agus go gnidís na daoine a leithéid sin shíos i gConnachtaibh. Dubhairt sé go rachadh fear aca ag congbháil an fhéir agus fear eile d’á chasadh. Congbhóchaidh mise an féar anois, má théidheann tusa d’á chasadh.
SÉAMUS--Bhéarfaidh mise glac féir asteach.
[_Imthigheann sé amach._]
MAC UI h-ANN [_ag gabháil_]--
Déanfaidh mé cáineadh cúige Múmhan, Ní fhágann siad an t-urlár fúinn; Ní’l ionnta casadh sugáin, féin! Cúige Mumhan gan snas gan seun!
Gráin go deó ar chúige Múmhan, Nach bhfágann siad an t-urlár fúinn; Cúige Múmhan na mbaillseóir mbréan, Nach dtig leó casadh sugáin, féin!
SÉAMUS [_ar ais_]--Seo an féar anois.
MAC UI h-ANN.--Tabhair ’m ann so é. Taisbeánfaidh mise dhaoibh cad dhéanfas an Connachtach deagh-mhúinte deaslámhach, an Connachtach cóir cliste ciallmhar, a bhfuil lúth agus lán-stuaim aige in a láimh, agus ciall in a cheann, agus coráiste in a chroidhe, acht gur sheól mi-ádh agus mór-bhuaidhreadh an tsaoghail é ameasg leibidíní chúige Mumhan, atá gan aoirde gan uaisle, atá gan eólas ar an eala thar an lachain, no ar an ór thar an bprás, no ar an lile thar an bhfóthanán, no ar reult na mbán óg, agus ar phéarla an bhrollaigh bháin, thar a gcuid straoille agus giobach féin. Tabhair ’m cipín!
[_Séachaideann fear maide dhó, cuireann sé sop féir timchioll air; tosaigheann sé dh’á chasadh, agus Síghle ag tabhairt amach an fhéir dó._]
MAC UI h-ANN. [_ag gabhail_]--
Tá péarla mná ’tabhairt soluis dúinn, Is í mo ghrádh, is í mo rún, ’S í Úna bhán, an righ-bhean chiuin, ’S ní thuigid na Muimhnigh leath a stuaim.
Atá na Muimhnigh seo dallta ag Dia, Ní aithnighid eala thar lacha liath, Acht tiucfaidh sí liom-sa, mo Hélen bhreágh Mar a molfar a pearsa ’s a sgéimh go bráth.
Ara! mhuise! mhuise! mhuise! Nach é seo an baile breágh lághach, nach é seo an baile thar bárr, an baile a mbíonn an oiread sin rógaire crochta ann nach mbíonn aon easbhuidh rópa ar na daoinibh, leis an méad rópa ghoideann siad ó’n gcrochaire. Cráidhteacháin atá ionnta. Tá na rópaidh aca agus ní thugann siad uatha iad--acht go gcuireann siad an Connachtach bocht ag casadh sugáin dóibh! Níor chas siad sugán féir in san mbaile seo ariamh--agus an méad sughán cnáibe atá aca de bhárr an chrochaire!
Gnidheann Connachtach ciallmhar Rópa dhó féin, Acht goideann an Muimhneach Ó’n gcrochaire é! Go bhfeicidh mé rópa Breágh cnáibe go fóill D’á fhásgadh ar sgóigibh Gach aoinne ann so!
Mar gheall ar aon mhnaoi amháin d’imthigheadar na Gréagaigh, agus níor stopadar agus níor mhór-chómhnuigheadar no gur sgriosadar an Traoi, agus mar gheall ar aon mhnaoi amháin béidh an baile seo damanta go deó na ndeór agus go bruinne an bhrátha, le Dia na ngrás, go síorruidhe suthain, nuair nár thuigeadar gur ab í Úna ní Ríogáin an dara Helen do rugadh in a measg, agus go rug sí bárr áille ar Helen agus ar Bhénus, ar a dtáinig roimpi agus ar dtiucfas ’na diaigh.
Acht tiucfaidh sí liom mo phéarla mná Go cúige Connacht na ndaoine breágh; Geobhaidh sí féasta fíon a’s feóil, Rinnceanna árda, spórt a’s ceól.
O! mhuise! mhuise! nár éirighidh an ghrian ar an mbaile seo, agus nár lasaidh réalta air, agus nár----
[_Tá sé san am so amuigh thar an dorus. Éirigheann na fir uile agus dúnaid é d’aon ruaig amháin air. Tugann Úna léim chum an doruis, acht beirid na mná uirri. Téidheann Séamus anonn chuici._]
ÚNA--O! O! O! ná cuirigidhe amach é. Leig ar ais é. Sin Tomás O h-Annrachain, is file é, is bárd é, is fear iongantach é. O leig ar ais é, ná déan sin air!
SÉAMUS--A Úna bhán, agus a chuisle dhíleas, leig dó. Tá sé imthighthe anois agus a chuid phistreóg leis. Béidh sé imthighthe as do cheann amárach, agus béidh tusa imhthighthe as a cheann-san. Nach bhfuil fhios agat go maith go mb’fearr liom thu ’ná céad míle Déirdre, agus gur tusa m’aon phéarla mná amháin d’á bhfuil in san domhan.
MAC UI h-ANN [_amuigh, ag bualadh ar an dorus_]--Fosgail! fosgail! fosgail! Leigidh asteach mé. O mo sheacht gcéad míle mallacht orraibh,
Mallacht na lag orraibh ’s na láidir, Mallacht na sagart agus na mbráthair, Mallacht na n-Easball agus an Phápa, Mallacht na mbaintreabhach ’s na ngarlach. Fosgail! fosgail! fosgail!
[_Buaileann sé an dorus arís agus arís eile._]
SÉAMUS--Tá mé buidheach díbh a chómharsanna, agus béidh Úna buidheach díbh amarach. Buail leat, a sgraiste! déan do dhamhsa leat féin amuigh ann sin, anois! Ní bhfuighidh tú asteach ann so! Óra, a chómharsanna nach breágh é, duine do bheith ag éisteacht leis an stoirm taobh amuigh, agus é fhéin go socair sásta cois na teineadh. Buail leat! Buail leat. Cá ’uil Connacht anois?
[CRÍOCH.]
The Twisting of the Rope.
HANRAHAN.--_A wandering poet._ SHEAMUS O’HERAN.--_Engaged to_ OONA. MAURYA.--_The woman of the house._ SHEELA.--_A neighbour._ OONA.--_Maurya’s daughter._
_Neighbours and a piper who have come to Maurya’s house for a dance._
SCENE.--_A farmer’s house in Munster a hundred years ago. Men and women moving about and standing round the walls as if they had just finished a dance. HANRAHAN, in the foreground, talking to OONA_.
_The piper is beginning a preparatory drone for another dance, but SHEAMUS brings him a drink and he stops. A man has come and holds out his hand to OONA, as if to lead her out, but she pushes him away_.
OONA.--Don’t be bothering me now; don’t you see I’m listening to what he is saying. [_To HANRAHAN_] Go on with what you were saying just now.
HANRAHAN.--What did that fellow want of you?
OONA.--He wanted the next dance with me, but I wouldn’t give it to him.
HANRAHAN.--And why would you give it to him? Do you think I’d let you dance with anyone but myself, and I here. I had no comfort or satisfaction this long time until I came here to-night, and till I saw yourself.
OONA.--What comfort am I to you?
HANRAHAN.--When a stick is half burned in the fire does it not get comfort when water is poured on it?
OONA.--But sure, you are not half burned?
HANRAHAN.--I am, and three quarters of my heart is burned, and scorched and consumed, struggling with the world and the world struggling with me.
OONA.--You don’t look that bad.
HANRAHAN.--Oh, Oona ni Regaun, you have not knowledge of the life of a poor bard, without house or home or havings, but he going and ever going a drifting through the wide world, without a person with him but himself. There is not a morning in the week when I rise up that I do not say to myself that it would be better to be in the grave than to be wandering. There is nothing standing to me but the gift I got from God, my share of songs; when I begin upon them, my grief and my trouble go from me, I forget my persecution and my ill luck, and now since I saw you Oona, I see there is something that is better even than the songs.
OONA.--Poetry is a wonderful gift from God, and as long as you have that, you are more rich than the people of stock and store, the people of cows and cattle.
HANRAHAN.--Ah, Oona, it is a great blessing but it is a great curse as well for a man, he to be a poet. Look at me, have I a friend in this world? Is there a man alive who has a wish for me, is there the love of anyone at all on me? I am going like a poor lonely barnacle goose throughout the world; like Usheen after the Fenians; every person hates me; you do not hate me, Oona?
OONA.--Do not say a thing like that, it is impossible that anyone would hate you.
HANRAHAN.--Come and we will sit in the corner of the room together, and I will tell you the little song I made for you, it is for you I made it. (_They go to a corner and sit down together. SHEELA comes in at the door_.)
SHEELA.--I came to you as quick as I could.
MAURYA.--And a hundred welcomes to you.
SHEELA.--What have you going on now?
MAURYA.--Beginning we are, we had one jig, and now the piper is drinking a glass. They’ll begin dancing again in a minute when the piper is ready.
SHEELA.--There are a good many people gathering in to you to-night. We will have a fine dance.
MAURYA.--Maybe so, Sheela, but there’s a man of them there, and I’d sooner him out than in.
SHEELA.--It’s about the long brown man you are talking isn’t it? The man that is in close talk with Oona in the corner. Where is he from and who is he himself?
MAURYA.--That’s the greatest vagabond ever came into Ireland; Tumaus Hanrahan they call him, but it’s Hanrahan the rogue he ought to have been christened by right. Aurah, wasn’t there the misfortune on me, him to come in to us at all to-night.
SHEELA.--What sort of a person is he? Isn’t he a man that makes songs, out of Connacht? I heard talk of him before, and they say there is not another dancer in Ireland so good as him. I would like to see him dance.
MAURYA.--Bad luck to the vagabond! It is well I know what sort he is, because there was a kind of friendship between himself and the first husband I had, and it’s often I heard from poor Diarmuid--the Lord have mercy on him!--what sort of person he was. He was a schoolmaster down in Connacht, but he used to have every trick worse than another, ever making songs he used to be, and drinking whiskey and setting quarrels afoot among the neighbours with his share of talk. They say there isn’t a woman in the five provinces that he wouldn’t deceive. He is worse than Donal na Greina long ago. But the end of the story is that the priest routed him out of the parish altogether; he got another place then, and followed on at the same tricks until he was routed out again, and another again with it. Now he has neither place nor house nor anything, but he to be going the country, making songs and getting a night’s lodging from the people, nobody will refuse him, because they are afraid of him. He’s a great poet, and maybe he’d make a rann on you that would stick to you for ever, if you were to anger him.
SHEELA.--God preserve us, but what brought him in to-night?
MAURYA.--He was travelling the country and he heard there was to be a dance here, and he came in because he knew us, he was rather great with my first husband. It is wonderful how he is making out his way of life at all, and he with nothing but his share of songs. They say that there is no place that he’ll go to, that the women don’t love him and that the men don’t hate him.
SHEELA.--(_Catching MAURYA by the shoulder_) Turn your head, Maurya, look at him now, himself and your daughter, and their heads together; he’s whispering in her ear; he’s after making a poem for her and he’s whispering it in her ear. O the villain, he’ll be putting his spells on her now.
MAURYA.--Ohone, go deo! isn’t it a misfortune that he came. He’s talking every moment with Oona since he came in three hours ago. I did my best to separate them from each other, but it failed me. Poor Oona is given up to every sort of old songs and old made up stories, and she thinks it sweet to be listening to him. The marriage is settled between herself and Sheamus O’Herin there, a quarter from to-day. Look at poor Sheamus at the door, and he watching them. There is grief and hanging of the head on him; it’s easy to see that he’d like to choke the vagabond this minute. I am greatly afraid that the head will be turned on Oona with his share of blathering. As sure as I am alive there will come evil out of this night.
SHEELA.--And couldn’t you put him out?